Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for agriculture industry professionals · Thursday, March 28, 2024 · 699,597,716 Articles · 3+ Million Readers

Comhchomhairle phoiblí fógartha ag an Aire Creed ar an ról a d'fhéadfadh a bheith ag Ionstraimí Airgeadais faoin RDP agus Chlár Oibríochta an EMFF

Tá comhchomhairle phoiblí fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia & Mara, Michael Creed, TD, maidir le hIonstraimí Airgeadais a thabhairt isteach faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe (RDP) agus faoi Chlár Oibríochta an Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (EMFF). Tá an chomhchomhairle bunaithe ar mheasúnú sonrach a rinne Comhairleoirí Indecon, a ndearna an Roinn coimisiúnú orthu chun a mheas an bhféadfaí ionstraimí dá leithéid a thabhairt isteach.

Dúirt an tAire Creed “tosaíocht agamsa is ea go mbeadh teacht ar chreidmheas ar phraghas réasúnta san earnáil agraibhia agus bím i dteagmháil go rialta le Príomhfheidhmeannaigh na bpríomhbhanc.   Tá sé curtha ina luí agam orthu an tábhacht atá leis go mbeadh foinse solúbtha creidmheasa agus sreabhaidh airgid ar fáil san earnáil, go háirithe i bhfianaise na ndúshlán leanúnach a bhaineann leis an mBreatimeacht. Léiríonn an t-éileamh a bhí ar an scéim sreabhaidh airgid don earnáil agraibhia, ar bhfiú €150 milliún é, a d'fhorbair mo Roinnse i gcomhar le SBCI, (Corparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann) an tábhacht atá le hairgeadas ar chostas íseal agus solúbtha a bheith ar fáil mar fhreagra ar an mbrú atá ann ó thaobh iomaíochta.

Rogha faoin RDP agus Chlár Oibríochta EMFF is ea ionstraimí airgeadais sa chás go n-aithnítear bearna maoinithe i gcás oibritheoirí sna hearnálacha sin. Léiríonn an measúnú a rinne Indecon go mb'fhéidir go bhfuil gá le hIonstraim Airgeadais in éineacht leis na scéimeanna infheistíochta atá ar fáil d'fheirmeoirí faoi na Cláir Oibríochta."

Dúirt an tAire freisin “Tá impleachtaí, áfach, ag baint le hionstraimí den chineál sin a chur chun cinn agus is é sin go mbeadh laghdú ar an deontas infheistíochta EMFF nó RDP a bheadh le fáil ag feirmeoir nó SME a ghlacfadh le hiasacht den chineál sin.   Chomh maith leis sin, bheadh cistí ón RDP agus EMFF á gcur i leith na n-ionstraimí. Ó tharla na nithe sin ar fad le breithniú, táim ag súil le smaointe na bpáirtithe leasmhara a chloisteáil sula gcinnfear na chéad chéimeanna eile."

Seoladh an páipéar comhchomhairle inniu agus tá sé dírithe ar na feirmeoirí sin ar mian leo leas a bhaint as deontais faoi TAMS II agus fiontair bia mara ar mian leo teacht ar dheontais faoi Chlár Oibríochta EMFF i leith próiseáil bia mara agus dobharshaothraithe.  Tá fáilte roimh dhuine ar bith a bhfuil leas acu ann, comhlachtaí ionadaíocha agus institiúidí airgeadais, a bheith páirteach.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Tá an páipéar comhchomhairle le fáil ar líne ag:  www.agriculture.gov.ie/media/migration/ruralenvironment/ruraldevelopment/ruraldevelopmentprogramme2014-2020/financialinstruments/FinalPublicConsulationPaperFinancialInstruments130917.docx

Dé hAoine an 13 Deireadh Fómhair, 2017 an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí.

CRÍOCH

Date Released: 13 September 2017

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release